Is Gníomhaireacht de chuid an Aontais í ENISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, atá tiomanta d’ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud na hEorpa.

Mar ghníomhaireacht a bunaíodh sa bhliain 2004 agus a neartaíodh leis an nGníomh AE um Chibearshlándáil, rannchuidíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil le cibirbheartas AE, cuireann sí le hiontaofacht táirgí, seirbhísí agus próisis TFC trí scéimeanna deimhniúcháin cibearshlándála, comhoibríonn sí leis na Ballstáit agus le comhlachtaí AE, agus cabhraíonn sí leis an Eoraip a ullmhú do cibeardhúshláin amach anseo. Trí chomhroinnt eolais, forbairt acmhainneachta agus ardú feasachta, oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar lena príomh-gheallsealbhóirí chun iontaoibh as an ngeilleagar nasctha a neartú, chun athléimneacht bhonneagar an Aontais a threisiú agus, sa deireadh, chun sochaí agus saoránaigh na hEorpa a choinneáil slán sa saol digiteach.

I ndomhan atá hipearnasctha anois, tá cibearchoirpigh ina mbagairt shuntasach ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh agus ar shlándáil a shaoránach ar líne. Le paindéim COVID-19, leagadh béim ar an ngá atá le breis slándála sa saol digiteach. Tá daoine tar éis a láithreacht a mhéadú ar líne chun caidreamh pearsanta agus gairmiúil a chothabháil, agus bhain cibearchoirpigh leas as an staid sin, ag díriú go háirithe ar ghnólachtaí ríomhthráchtála agus ríomhíocaíochta, agus ar an gcóras cúraim sláinte.

An obair a dhéanaimid
Sainordú agus Creat Rialála ENISA

Is é Rialachán ENISA Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú cibearshlándála na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (An Gníomh um Chibearshlándáil).

Struchtúr agus Eagrú
Bord Bainistíochta
Tá an Bord Bainistíochta ag áirithiú go gcuireann an Ghníomhaireacht a cúraimí i gcrích faoi choinníollacha a chuireann ar a cumas feidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán bunaidh.
Bord Feidhmiúcháin
Tá an Bord Feidhmiúcháin ag ullmhú cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta.
Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an nGníomhaireacht a bhainistiú agus as a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh go neamhspleách. Juhan Lepassaar, Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha ENISA, a ghlac an post i nDeireadh Fómhair 2019.
Líonra Náisiúnta Oifigeach Idirchaidrimh
Éascaíonn na NLOnna an malartú faisnéise idir ENISA agus na Ballstáit AE.
Grúpa Comhairleach
Díríonn an grúpa comhairleach ar shaincheisteanna atá ábhartha do gheallshealbhóirí agus cuireann sé in iúl do ENISA iad.
Grúpaí Oibre ad hoc
Bunaíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc atá comhdhéanta de shaineolaithe. Tá na Grúpaí Oibre ad hoc ag tabhairt aghaidh ar ábhair shonracha theicniúla agus eolaíochta.

Foráiltear le Rialachán 2019/881 freisin go gcabhróidh ENISA leis an gCoimisiún i dtaca le rúnaíocht an Ghrúpa Eorpaigh um Dheimhniú i ndáil le Cibearshlándáil (ECCG) a chur ar fáil agus cuirfidh ENISA rúnaíocht ar fáil do Ghrúpa na nGeallsealbhóirí um Dheimhniú Cibearshlándála (SCCG).

This site uses cookies to offer you a better browsing experience.
Aside from essential cookies we also use tracking cookies for analytics.
Find out more on how we use cookies.

Accept all cookies Accept only essential cookies